Saoire Yoga Chill Mhantáin

oga-yoga-wknd-4-facebook

Tar linn go sléibhte Cill Mhantáin le haghaidh deireadh seachtaine suaimhneach spraíúil. Tá an Elbowroom Escape suite i gceantar fíor álainn uair a chloig ó lár Bhaile Átha Cliath i nGleann Uí Mháil.

Beidh bia blasta folláin á chur ar fáil ag Catríona Nic Philibín a bhí ina hIomaitheoir Master Chef 2012.

Beidh an yoga oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal. Beidh stíl suaimneach machnamhach sa tráthnóna agus stíl beagán níos bríomhaire sa mhaidin. Tabharfar faoin yoga ar bhealach sábháilte spraíúil agus léireofar meas ar chumas agus ar chompord an duine.

Tá na seomraí leapa galánta ar fad. Tá seomraí dúbailte agus seomraí roinnte ar fáil. Tá en-suite ann i ngach seomra le cith folctha te teolaí a thagann díreach ó fhíoruisce an tsléibhe.

 

 

bia-blasta-1

Bia Blasta

seomra-yoga-1

An Seomra Yoga

 

Amchlár:

Dé hAoine:
17.00: Fáiltiú, Cupán Tae agus lig do scíth
18.30- 19.30: Bia blasta veigeatóireach
20.00-21.15: Yoga Suaimhneach

Dé Sathairn:
8.00: Bricfeasta éadrom (féinseirbhís).
8.45- 10.00: Yoga Vinyasa
10.30-11.30: Bia folláin te agus sú sár-ghlas.
12.30-16-30: Siúlóid suaimhneach sna sléibhte. (Tóg bróga agus éadaí cuí leat le do thoil). Is féidir fanacht san ionad agus do scíth a ligean ansin má’s mian leat.
17.00-18.00: Tobán te agus am saor.
18.30-19.30: Yoga Suaimhneach agus Aireachas
19.30: Dinéar Blasta Folláin

Dé Domhnaigh:
8.00: Bricfeasta Éadrom (féinseirbhís)
9.00-10.45: Yoga Vinyasa agus Aireachas
11.30: Lón Folláin Te
14.00: Slán agus Beannacht

Costas:
309 Euro Seomra Roinnte
329 Euro Seomra Dúbailte

San Áireamh sa chostas:

  • 2 Oíche
  • 2 Bricfeasta
  • 2 Lón
  • 2 Dinnéar
  • Yoga & Aireachas
  • Siúlóid Treoraithe
  • Soláistí agus Deochanna
seomra-roinnte

Seomra Roinnte

 

seomra-leapa-1

Seomra Dúbailte

 

 

bia-blasta-4

Bia Folláin

seomra-yoga-2

Yoga Suaimhneach

 

 

 

retreat-3886-1

Ciarán Mac Fhearghusa

Beidh Ciarán Mac Fhearghusa mar mhúinteoir yoga don deireadh seachtaine. Tá Ciaran ag múineadh yoga go lán-aimseartha ó 2012. Thaistil sé chuig an Ind ceithre uaire chun staidéar a dhéanamh ar na stíleanna éagsúil yoga. Is breá leis yoga a mhúineadh ar bhealach spraíúil agus spreagúil. Tá Ciarán mar láithreoir teilfíse yoga le RTÉ Jr.

Comments are closed