Saoire Yoga 2014

Óga Yoga sa Phortaingéil 2014
26ú Deireadh Fómhair- 1ú Samhain 

Nádúir 2

Bí linn don dara Saoire Yoga as Gaeilge sa Phortaingéil!

Moses 14Lig do scíth ar feadh 6 lá le yoga suaimhneach, bia blasta, siúlóidí deasa agus timpeallacht  mhealltach. Bí ar do sháimhín só i measc nádúir agus áilleacht na Portaingéile.

 

 

IonadTá an t-ionad  suite i Vale de Moses 20 nóiméad ón mbaile beag traidisiúnta Olieros i lár na tíre. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an ionad de bharr an chuir chuige éiceolaíoch agus an chaidrimh a chruthaíonn siad lena gcuid aíonna, an nádúr agus an eacnamaíocht áitiúil. Tá an Serra de Estrela, an pointe is airde sa tír, suite 2000 méadar os cionn leibhéal na farraige le feiceáil ón ionad!

Lóistín 1

  Tá Lóistín compordach ar  fáil sa sean tithe traidisiúnta, sna ‘Bodegas‘ athchóirthe (áit traidisiúnta ina ndéantar fíon) agus i dTipis  (puball traidisiúnta bhundúchasaigh Mheiriceá) atá suite i ngleann Vale de Moses  lámh ar lámh le sruthán deas suaimhneach agus crainn ológa agus eucalyptus.

 

 

An Seomra Yoga

 

Beidh Yoga & Suan-mhachnamh ann sa Yoga Shala gach maidin agus sa tráthnóna ar laethanta áirithe.  Níl amháin go bhfuil radhairc iontacha ann ón Yoga Shala ar Vale de Moses agus na gleannta máguaird ach tá ciúnas agus gleo na tuaithe mar cheirnín nádúrtha chun machnamh agus chun do scíth a ligean. Reáchtálfar na ranganna yoga chun freastal ar leibhéal éagsúil cumais agus beidh meascán de stíl shuaimhneach Hatha agus stíl beomhar Vinyasa i gceist.

 

Bia

Bia Blasta: Bhí an bia mar bhuaicphointe den tSaoire Yoga anuraidh gan agó 🙂 Beidh tú sona sásta agus ar do sháimhín só tar éis gach béile anseo. Tá na béilte ar fad déanta suas (i gomhréir le prionsabail Ayurveda) de ghlasraí a fhástar i Vale de Moses le grá agus táirgí a roghnaítear go cúramach ó fhoinsí áitiúil.

 

Am Chlár Samplach

9.00 Siúlóid Suan-mhacnamhach
9:30 Yoga
11.00 Bricfeasta (Tae& torthaí ar fáil @08.00)
12.00 Sos
14.00 Lón (Príomh bhéile an lae)
15.00 Sos/ Siúlóid/Turas (ag braith ar  an aimsir)
17.00 Yoga/ Sos (ag braith ar an aimsir)
18.30 Dinnéar

*Níl aon dualgas ann chun páirt a ghlacadh sa yoga nó sna himeachtaí.

 

EitiltTaisteal:  Tá 20 eitilt fillte ceannaithe cheana féin chun an praghas is fearr a chinntiú don ghrúpa. Beidh muid ag eitilt ó aerfort BhÁC go Lispóin ar Dhomhnach an 26ú DF ag 06:50 r.n. agus beidh bus príobháideach ann ag an aerfort chun muid a thabhairt go Vale de Moses láithreach. Turas dhá uair a chloig atá i gceist. Beidh muid ag filleadh ó Lispóin go BÁC ar Shatharn an 1ú Samhain ag 09:50.

Costas: €899 an duine: Tá na costais ar fad san áireamh anseo! Lóistín, bia, yoga & suan-mhacnamh, na heitiltí & na busanna!! Gach rud!!!

Early Bird:  849 roimh an 30ú Méan Fómhair

* Tóg cara leat & íoc €799 an duine!! 

Cláraigh Anois!!!







Saoire Yoga











Moses 14     Bia 1  moses lóistín nádúr 3Moses 12 moses 2  Moses 13 (2) Nádur 4Mud Tipisiúlóid 1 siúlóid massage grúpa

Leave a Reply

Your email address will not be published.