An Scaoilteoir Broime 2 (Pawan Muktasana 2)

Pawan Muktasana

Baineann na buntáistí céanna agus níos mó leis an scoiltear broime 2. Cruthaítear níos mó teannais i matáin an bhoilg agus cuirtear níos mó brú ar na horgáin inmhéanach. Cuireann sé seo leis an imshruthú fola rud a chuireann le héifeachtiúlacht na horgáin inmhéanach.

Treoir:

  • Tosaigh ar do dhroim i Savasana.
  • Rug barróg ar an dá ghlúin agus tarraingt iad i dtreo do chliabhrach
  • Lúb an ghlúin dheas agus rug barróg uirthi dhá orlach faoin nglúin féin.
  • Coinnigh na huillinneacha taobh le do chorp
  • Ardaigh do cheann i dtreo na glúine
  • Lig do na glúine teacht níos giorra i dtreo do chliabhrach de réir a chéile.
  • Tar éis cúig nó deich n-anáil scaoil le do glúine.
  • Is féidir do cheann a choinneáil ar an talamh agus fanacht ann ar feadh nóméad.

Buntáistí:

  • Searraítear an muinéal agus an droim
  • Cruthaítear teannas i matáin an bhoilg agus cuirtear brú ar na horgáin inmhéanach. Cuireann sé seo leis an imshruthú fola. Spreagtar na néaróga freisin rud a chuireannr le héifeachtiúlacht na horgáin inmhéanach.
  • Tugtar faoiseamh ó phian sa droim, ó ghás sáinithe sa stéig mhór, ó Chalcadh Goile (Constipation)agus ó ghaofaireacht. (Flatulence)
  • Cuireann an síneadh deas ar réigiún an bhoilg rud a chuireann feabhas leis an bpróiseas díleá.
  • Ládraítear na matáin in íochtar do dhroma agus scaoiltear amach veirteabra an chnámh droma.
  • Feabhsaítear an córas díleá.
  • Méadaítear an t-imshruthú fola chuig na horgáin inmheánach ar fad.
  • Laghdaítear ramhar thart ar an mbolg, na láirigeacha, na ceathairíní agus an tóin.

Buntáistí Breise do mhná:

  • Bíonn suathaireacht ann ar matáin an pheilbhís, na horgáin atáirgthe agus tá sétairbheach do neamhoird míosta.

Réamh-Aire:

  • Seachain má tá pian trom i do dhroim, má tá tú torrach, más rud é go raibh máinliacht boilg agat le déanaí nó má tá fíocas, haemaróidí nó heirne ort.
  • Má tá do mhuinéal teann nó gortaithe coinnigh do cheann ar an talamh.

Comments are closed