An Scaoilteoir Broime 1 (Pawan Muktasana 1)

Pawan Muktasana 1

Moltar an deasú yoga seo do dhaoine le fadhbanna in íochtar an droma nó go deimhin féin do dhaoine le fadhbanna leis an gcóras díleá i.e Calcadh Goile (Constipation) nó Gaofaireacht (Flatulence). Fiú má tá tú saor óna leithéid tá buntáistí don té a chuireanns a inneall ag obair go moch ar maidin.

Treoir:

  • Tosaigh ar do dhroim i Savasana.
  • Lúb an ghlúin dheas agus rug barróg uirthi dhá orlach faoin nglúin féin.
  • Coinnigh an cos eile sínte amach le do bhaircíní tarraingthe chughat.
  • Coinnigh na huillinneacha taobh le do chorp
  • Tarraingt do ghlúin dheas i dtreo do ghualainn. Seachain na heasnacha.
  • Tarraingt do smig síos beagáinín ionas go bhfuil radharc do shiúl i dtreo do bholg.
  • Lig don ghlúin dheas teacht níos giorra i dtreo do ghualainn de réir a chéile.
  • Tar éis cúig nó deich n-anáil scaoil le do ghúin dheas
  • Déan an méid ceanann céanna le do ghlúin chlé.

Buntáistí:

  • Searraítear an muinéal agus an droim
  • Cruthaítear teannas i matáin an bhoilg agus cuirtear brú ar na horgáin inmhéanach. Cuireann sé seo leis an imshruthú fola. Spreagtar na néaróga freisin rud a chuireannr le héifeachtiúlacht na horgáin inmhéanach.
  • Tugtar faoiseamh ó phian sa droim, ó ghás sáinithe sa stéig mhór, ó Chalcadh Goile (Constipation)agus ó ghaofaireacht. (Flatulence)
  • Cuireann an síneadh deas ar réigiún an bhoilg rud a chuireann feabhas leis an bpróiseas díleá.
  • Ládraítear na matáin in íochtar do dhroma agus scaoiltear amach veirteabra an chnámh droma.
  • Feabhsaítear an córas díleá.
  • Méadaítear an t-imshruthú fola chuig na horgáin inmheánach ar fad.
  • Laghdaítear ramhar thart ar an mbolg, na láirigeacha, na ceathairíní agus an tóin.

Buntáistí Breise do mhná:

  • Bíonn suathaireacht ann ar matáin an pheilbhís, na horgáin atáirgthe agus tá sétairbheach do neamhoird míosta.

Réamh-Aire:

  • Seachain má tá pian trom i do dhroim, má tá tú torrach, más rud é go raibh máinliacht boilg agat le déanaí nó má tá fíocas, haemaróidí nó heirne ort.

 

Comments are closed