An Droimluí Ceangailte (Supta Baddha konasana)

      Supta Badha Konasana

 

Is féidir é seo a dhéanamh istoíche sula dtéann tú i do chodladh freisin toisc gur deasú yoga athnuachana. Osclaíonn sé na cromáin, suamhnaíonn sé an intinn agus ligtear do chúramaí an tsaoil imeacht le sruth. Ach bí cinnte nach dtiteann i do chodladh sa deasú seo nó dúiseoidh tú le cromáin thinn!

Treoir:

 

  • Ag tosú i Shavasana
  • Lúb na glúine, tóg na sáile agus na bairricíní le le chéil.
  • Llig do glúine titim síos ar ceachtar thaobh.
  • Úsáid d’anáil chun scaoileadh le haon teannas atá sna cromáin.
  • Is féidir blaincéid nó bloc a chur faoi na glúine le faoiseamh a thabhairt do na cromáin.
  • Cas bosa na lámh i dtreo na spéire le do dhroim compordach ar an mata.
  • Lig do na láimhe agus do na cosa a bheith trom.
  • Tarraingt do smig isteach beagáinín ionas go mbeidh muinéal fada agat.
  • Fan ann ar feadh nóiméad nó dhó gan tacaíocht nó suas go cúige nóiméad le tacaíocht.
  • Más mian leat is féidir do láimhe a thógáil taobh thiar de do cheann. Osclóidh sé seo do chliabhrach.
  • Nuair atá tú réidh le teacht amach as brú bun do dhroma síos ar an talamh agus brú na glúine ar ais le chéile go mall agus go cúramach.

Buntáistí:

  • Is deasú athnuachana é seo.
  • Méadaítear raon rothlaithe seachtrach na gcromáin
  • Suamhnaítear an córas nearó lárnach agus an intinn.
  • Méadaítear an t-imshruthú fola in íochtar an bhoilg.
  • Feabhsaítear an córas díleá.
  • Searraítear an taobh istigh de na láirigeacha.

Réamh Aire:

  • Bí cinnte nach dtiteann tú i do chodladh sa deasú seo nó dúiseoidh tú le cromáin thin.
  • Má tá bléin nó glúin gortaithe agat bain úsáid as bloc nó blaincéid mar thacaíocht.

Comments are closed