An Diansearradh Taobhach (Parsvottanasana)

Parsvottanasana 1

Treoir:

  • Tosaigh leis na cosa le chéile
  • Seas an chos chlé siar 3 nó 4 troigh agus isteach í 45 céim.
  • Cinntigh go bhfuil sáil na coise clé díreach i líne le sáil na coise deise.
  • Dírigh do chuid cromán chun tosaigh i dtreo na coise deise.
  • Tóg na slinnéain siar i dtreo a chéile agus ansin lúb do dhroim siar beagáinín.
  • Coinnigh an droim díreach agus sín do cheann amach chun tosaigh thar do ghlúin dheas leis an anáil amach.
  • Tóg do láimhe síos ar an mata taobh leis an rúitín nó bain úsáid as blocaí yoga má’s gá.
  • De réir a chéile tiocfaidh do chláir éadain síos ar do ghlúin.
  • Coinnigh an chnámh droma díreach agus do chorplach díreach.
  • Fan ann ar feadh 5-10 anáil agus tar aníos go mall agus go cúramach.

Buntáistí:

  • Tonaítear an t-ae agus an splín.
  • Láidrítear na cosa.
  • Feabhsaítear dea-sheasamh agus cothromaíocht coirp.
  • Searrtar teannáin na hioscaide, an chnámh droma, na guaillí agus na cromáin.
  • Spreagtar orgáin an bhoilg chun feidhmiú éifeachtach rud atá go maith don chorás díleá
  • Laghdaítear pian míosta.
  • Ciúnaítear an intinn.

Réamh-Aire:

Coinnigh do chorplach agus an chnámh droma díreach. Ná déan an deasú iomláin má tá tú ag fulaingt le brú fola ard nó tinneas droma.

 

 

Comments are closed