An Diansearradh Suite (Paschimottanasana)

Paschimottanasana

Treoir:

  • Suí ar an talamh leis na cosa sínte amach os do chomhair.
  • Tarraingt na bléinte (groins) isteach i dtreo an pheilbhis, coinnigh an corplach (torso) fada agus leis an anáil isteach sín amach chun tosaigh óna cromáin in áit na coime.
  • Beir greim ar na barraicíní móra má’s féidir. Munar féidir na barricíní a bhaint amach cuir crios nó strapa timpeall trácht na coise. Is féidir blaincéid fillte a chuir faoi do thóin chun cabhrú leis an bpeilbheas rothlú chun tosaigh.
  • Leis gach anáil isteach ardaigh agus fadaigh an corplach beagáinín. Le gach anáil amach scaoil an corplach síos beagáinín .
  • Ba cheart íochtar an bhoilg teacht síos ar na láirigeacha ar dtús. Ansin uachtar an bhoilg, na heasnacha agus an ceann ar deireadh.
  • Nuair atá tú réidh le dul níos ísle bí cinnte gan tú fhéin a tharraingt síos le fórsa. Fadaigh an corplach i gcónaí le do cheann ardaithe ag féachaint i dtreo na mbarraicíní.
  • Tar éis tamaill seans go mbeidh tú an in ann na láimhe a shíneadh amach thar na barraicíní.
  • Fan sa deasú yoga seo ar feadh 1-3 nóiméad.
  • Le teacht in airde tarraingt anáil isteach agus ardaigh an corplach óna láirigeacha.

Buntáistí:

  • Ciúnaítear an intinn agus tugtar faoiseamh ó strus, ón imní, ón meanapás, ó thinneas cinn agus ó neamhchodladh.
  • Searrtar teannáin na hioscaide, an chnámh droma agus na guaillí.
  • Spreagtar an t-ae, na duáin, na hubhagáin agus an t-útaras chun obair.
  • Láidrítear na láirigeacha agus na glúine.
  • Feabhsaítear an córas díleá.
  • Laghdaítear tuirse, imní, otracht agus rómheáchan agus na galair ghaolmhara.
  • Tairbhe theiripeach do bhrú fola ard, an plúchadh, cúisíteas, oistéapóróis agus neamhthorthúlacht.
  • Méadaítear dea-ghoileacht

Réamh-Aire:

Seachain má tá tinneas droma, buinneach nó an plúchadh ort. Is féidir blaincéid a chur faoi chúl na nglún má tá thar a bheith do-lúbtha. Ná fórsáil an corp riamh.

Comments are closed