- An Diansearradh Seasta (Uttanasana)
Treoir:
- Tosaigh i do sheasamh leis na cosa le chéile agus na lámha ar na cromáin.
- Leis an anáil amach lúb chun tosaigh.
- Coinnigh do chorplach fada (mar a dhéantar i ngach deasú lúbtha tosaigh).
- Coinnigh na cosa díreach gan iad a lúbadh agus tóg na méara nó na bosa síos ar an talamh taobh leo.
- Mura féidir na lámha a thógáil síos chomh fada sin trasnaigh rí na lámh agus beir greim ar na huillinneacha. Lig den domhantarraingt thú a thógáil níos ísle de réir a chéile.
- Má tá tú an-dolúbtha is féidir na glúine a lúbadh chun spás a chruthú sa droim le dul níos ísle. Ansin is féidir na glúine a dhíriú arís de réir a chéile.
- Brú na sáile síos ar an urláir, ardaigh cnámha na tóna i dtreo na síleála agus cas barr na láirigeacha i dtreo a chéile chun cur leis an searradh.
- Ardaigh agus fadaigh an corplach beagáinín le gach anáil isteach agus scaoil tú féin síos níos ísle le gach anáil amach.
- Lig de cheann crochadh síos ón muineál.
- Fan ann ar feadh 5-10 anáil nó níos faide má’s maith leat.
- Glac anáil isteach, tóg na lámha ar do chuid cromáin arís agus coinnigh do chnámh droma agus do chorplach díreach ar do bhealach in airde.
Buntáistí:
- Ciúnaítear an intinn agus tugtar faoiseamh ó strus, ón meanapás, ó thinneas cinn agus ó neamhchodladh.
- Searrtar teannáin na hioscaide, na colpaí agus na cromáin.
- Spreagtar an t-ae agus na duáin chun obair.
- Ládraítear na láirigeacha agus na glúine.
- Feabhsaítear an córas díleá.
- Laghdaítear tuirse agus imní.
- Tairbhe theiripeach do bhrú fola ard, an plúchadh, cúisíteas, oistéapóróis agus neamhthorthúlacht.
Réamh-Aire:
Má tá tinneas droma nó pian sa droim agat lúb na glúine. Nó is féidir Ardha Uttanasana a dhéanamh le do chuid lámh i gcoinne an bhalla agus chomhthreomhar leis an urláir. Beidh na cosa ingearach leis an gcorplach.