An Diansearradh Seasta le Cosa Scartha (Prasarita Padottanasana)

                          Prasarita Padottanasana

Treoir:

  • Tosaigh le do chuid cosa le chéile, cas ar chlé agus scair na cosa.
  • Cas na barraicíní isteach beagáinín i dtreo a chéile agus coinnigh na rúitíní i líne le himeall an mhata.
  • Leis an anáil isteach sín barr do chinn i dtreo na síleála. Leis an anáil amach lúb chun tosaigh ag baint úsáid as na cromáin. Lig den cheann crochadh agus tóg radharc na súl taobh thiar duit.
  • Tóg na lamha síos ar an úrláir idir na cosa agus coinnigh na huillinneacha lúbtha.
  • Déan iarracht na méara a thógáil i líne leis na barraicíní agus na huillinneacha os cionn caol na lámh (wrists).
  • Mura féidir leat na lámha a thógáil síos ar ar an urláir bain úsáid as blocaí yoga.
  • Tóg meáchan an choirp chun tosaigh beagáinín ar úlla na gcos (balls of feet).
  • Cuir na ceathairchéipse (quads) ag obair agus tarraing iad i dtreo do bhoilg.
  • Fadaigh an chnámh droma leis an anáil isteach agus lúbadh síos níos mó is níos mó le gach anáil amach.
  • Tóg barr do chinn síos ar talamh má’s féidir.
  • Le teacht amach as brú bun na gcos síos ar urláir, tóg na lámha ar na cromáin agus coinnigh do dhroim díreach agus tú ag teacht in airde arís.

Buntáistí:

  • Searrtar agus láidrítear teannáin na hioscaide, na colpaí, na cromáin, íochtar an droma agus an chnámh droma.
  • Toisc den cheann a bheith faoi leibhéal an chroí tá buntáistí deasaithe aisiompaithe le fáil chomh maith leis na buntáistí a bhaineann le deasaithe lúbtha tosaigh.
  • Suaimhnítear an córas nearóige agus ciúnaítear an intinn dá bharr.
  • Faoiseamh ó strus agus buairt
  • Faoiseamh ó phian sa droim/tinneas droma.
  • Faoiseamh ó theannas sa mhuineál agus sna guaillí.
  • Córas díleá feabhsaithe.
  • Osclaítear na cromáin.
  • Ullmhaítear an corp agus an intinn do dheasaithe yoga eile.

Réamh-Aire:

Ná lúb chun tosaigh an bealach ar fad má tá gortú droma ort. Féach comhathruithe agus mionathruithe. Tabhair faoi deasaithe yoga de réir d’ábaltacht agus d’inniúlacht féin. Má tá aon imní ort labhair le do dhochtúir sula gcleachtann tú yoga.

Comments are closed