An Corpán (Shavasana)

                              Shavasana

Is é an Corpán an bealach is fearr chun críoch a chur le do chleachtadh yoga. Tugann sé deis duit do scíth a ligean i gceart. Fan ann ar feadh cúpla nóiméad ar a laghad. Glac an seans seo chun a bheith ceangailte le d’anáil, do chorp.

Treoir:

  • I
  • Luí síos le do dhroim ar an mata agus le do chuid súile dúnta.
  • Lig do do chuid barricíní titim amach i dtreo na cliatháin.
  • Iompaigh bosa na lámha i dtreo na spéire.
  • Ceangail le d’anáil isteach is amach.
  • Bíodh chuile anáil mall agus compordach.
  • Déan iarracht gan rud ar bith a bhogadh is gan ligean de do chuid smaointí imeacht le sruth.
  • Anois tóg d’aird isteach sna barricíní, sna sáile is sna rúitíní.
  • Déan iarracht scaoileadh le haon teannas atá ann.
  • Tóg d’aire chuig na glúine, na cromáin agus na matáin ar fad i do chosa.
  • Tabhair faoi ndeara an teannas ag imeacht ón dá chos agus iad ag leá síos ar an mata.
  • Anois tóg d’aire isteach sna méara, na hordóga is caol na láimhe. Agus ansin suas i dtreo na huillinneacha is na guaillí.
  • Tabhair faoi ndeara anois an teannas ag imeacht ón dá lámh agus iad ag leá síos ar an mata.
  • Dírigh an fócas sin anois i dtreo do bholg, na heasnacha is an cliabhrach. Bun do dhroim, na slinneáin is an cnámh droma.
  • Lig den teannas imeacht ó do dhroim ar fad is tabhair faoi ndeara an droim ag leá síos ar an mata.
  • Anois do mhuinéal, do scornach, do smig, do bheola, do theanga, do leicne, do chluasa, barr na sróine, do shúile, an áit idir na súile, d’éadan, cúl do chinn is barr do chinn.
  • Anois lig den teannas imeacht ó do chorp ar fad: Ó bhun go baithis.
  • Fan anseo chomh fada agus is atá tú ag iarraidh agus tú ag ligean do scíth is ag ligean den teannas imeacht ó do chorp.

Buntáistí:

  • Suaimhnítear an intinn, córas na néaróg, an corp agus an intinn.
  • Laghdaítear struss agus tuirse intinne agus coirp.
  • Tá sé go maith le haghidh aon ghalair nó gearáin a eacraíonn ó struss.
  • Cuirtear deireadh le teannas agus smaointí suaiteacha.
  • Suaimhnítear na matáin agus laghdaítear éileamh fola agus ocsaigin rud a thugann sos don chóras imshruthaithe agus don chóras análach.
  • Laghdaítear ardbhrú fola.
  • Seachnaítear agus feabhsaítear fadhbanna croí.
  • Cabhraíonn sé go mór le daoine atá ag fulaingt le neamhchodladh.
  • Laghdaítear fearg, míshasacht, frustachas agus spreagtar socracht agus suaimhneas.

Réamh-Aire:

Déan iarracht gan titim i do chodladh toisc go gcuirfear bac ar an laghdú a thaganns ar near-ríoga agus ar obair chóras na néaróg.

Comments are closed