An Casadh Boilg (Supta Matsyendrasana)

Supta Matsyendrasana

Cabhraíonn casadh maith mar seo ar maidin le d’orgáin agus do bhaill choirp a dhúisiú agus ullmhaíonn sé do dhroim sula n-éiríonn tú ón leaba.

Treoir:

  • I do luí ar an talamh ardaigh do ghlúine os cionn do chliabhrach.
  • Sín do chuid lámha amach ar an taobh i líne le do chuid guaillí.
  • Anois tóg do chuid glúine síos ar thaobh na lámha chlé agus breathnaigh amach i dtreo do lámh dheas.
  • Éist le do chorp is bí cinnte go bhfuil tú compordach.
  • Coinnigh d’fhócas ar d’anáil agus dean iarracht do scíth a ligean le gach anáil amach.
  • Is féidir leat fanacht anseo ar feadh cúpla nóiméad.
  • Nuair atá tú réidh tóg na glúine ar ais chuig an lár agus tóg síos ar an taobh eile iad.

Buntáistí:

  • Tonaítear néaróga an chnámh droma.
  • Tugtar faoiseamh ó phian sa droim.
  • Cuireann an síneadh deas ar réigiún an bhoilg rud feabhas leis an bpróiseas díleá.
  • Scaoiltear le gás.
  • Tonaítear na baill ghiniúna.

Réamh-Aire:

  • Seachain má tá pian trom i do dhroim, má tá tú torrach nó más rud é go raibh máinliacht boilg agat le déanaí.

 

Comments are closed