An Beannú Gréine (Surya Namaskar)

Beannú Gréine

Tá an Beannú Gréine nó Surya Namaskar mar a tugtar air sa Sanscrait mar chuid lárnach do ranganna yoga agus is féidir é a úsáid mar théamh suas nó mar chleachta ann féin. Tá leaganacha éagsúla ann ach seo chugaibh an leagan is fearr liom féin. Tá deich gcéim i gceist leis.

  1. Leis an anáil isteach sín na lámha suas agus siar. Breathnaigh i dtreo na spéire agus tarraingt cúpla anáil isteach is amach anseo.
  2. Leis an gcéad anáil amach eile sín na lámha amach os do chomhair agus síos ar an talamh taobh leis na bairricíní. Lig don sruth anála teacht isteach is amach go deas éasca.
  3. Seas an cos chlé siar agus cur an glúin chlé ar an talamh. Lean ort ag análú go compordach anseo.
  4. Seas an cos dheas siar agus déan líne díreach óna rúintíní go barr do chinn.
  5. Leis na barricíní ar an talamh tóg na glúine, an cliabhrach agus an smig síos freisin.
  6. Leis an gcéad anáil isteach eile breathnaigh i dtreo na spéire. Lig do na guailí teacht síos agus siar.
  7. Le hanáil amach scar na méara agus brú síos ar an talamh iad. Breathnaigh i dtreo do bhoilg, brú an tóin siar agus tóg na sála síos ar an mata nó chomh cóngarach is gur féidir leat.
  8. Leis an gcéad anáil isteach eile tóg an cos chlé suas san aer agus luasc í isteach idir na lámha. Bí cinnte go bhfuil na glúine sa áit ceart agat.
  9. Tóg an chos dheas isteach idir na lámha anois agus dírigh an dá chos. Coinnigh do cheann crochta agus an droim díreach chomh fada agus is féidir leat.
  10. Anáil isteach is ardaigh do chuid lámha i dtreo na gréine. Féach suas ar na lámha agus tóg síos ag do chroí iad nuair atá tú réidh.

Is féidir fanacht i ngach deasú yoga le haghaidh 30 soicind nó le haghaidh 5 anáil. Creidtear go bhfuil níos mó buntaistí le baint as fanacht i ndeasú yoga le hagaidh tréimhse níos faide. Is féidir na súile a dhúineadh freisin chun cabhrú leat an fócas a choinneáil ar an ngluaiseacht is ar an anáil.

Nó is féidir an Beannú Gréine a dhéanamh níos tapúla má tá an fonn sin ort…. 1,2,3,4,5,6,7,8,9,10. Nuair atá cúpla ceann déanta agat nó nuair atá tú réidh is féidir leannúint ar aghaidh chuig na deasaithe yoga eile.

Buntáistí:

  • Ullmhaítear an corp don chleachta atá le teacht.
  • Faightear síneadh maith ar an gcorp ar fad.
  • Scaiptear fuil chuig na hailt agus ar fud an choirp.
  • Feidhmínn órgáin an choirp níos fearr.
  • Méadaítear fuinneamh agus spreagtar an córás díleá.
  • Láidrítear an corp agus na scamhóga.
  • Cothromaítear an córas inchríneach.

Réamh-Aire:

  • Seachain má tá fadhbanna tromchúiseach agat le do dhroim, do chnámh droma, do bhrú fola, do chroí, do bholg nó má tá tú torrach.
  • Breathnaítear ar an mBeannú Gréine go minic mar théamh suas ag tús an ranga. Ach le haghaidh daoine áirithe bheadh sé níos feiliúnaí dóibh é a chleachtadh i dtreo dheireadh an ranga tar éis téamh suas níos séimhe is níos simplí.

Comments are closed